dictionaryportal.eu

Eolas

Cuid thábhachtach den saol is ea an foclóir sa domhan ilteangach ina maireann muid inniu. Tá Tairseach Eorpach na bhFoclóirí anseo chun tú a threorú chuig foclóirí maithe, iontaofa de theangacha Eorpacha ar líne. Na foclóirí go léir atá liostaithe ar an suíomh seo, saineolaithe de chuid Líonra Eorpach na Ríomhfhoclóireachta a roghnaigh iad de réir critéar soiléir.

An bhfuil foclóir ar eolas agat a bheadh oiriúnach do Thairseach Eorpach na bhFoclóirí? Abair linn! Déanfaidh duine dár n-eagarthóirí do mholadh a mheas agus, má tá an foclóir oiriúnach, cuirfear le Tairseach Eorpach na bhFoclóirí é. Beidh fáilte roimh úinéirí an fhoclóra lipéad faofa a chur ar a suíomh féin ansin.